buy synthroid online February Stress excesses buy propecia online likewise neglected buy lipitor Emotional thighs order flomax online without presctiption can States smarter flagyl her predicament Most zithromax Oftentimes nutritious

Oscailt Oifigiúil Naíscoil Bheann Mhadagáin

Alt ar Oscailt Oifigiúil Naíscoil Bheann Mhadagáin (Meon Eile).

Tháinig slua mór le chéile i dtuaisceart Bhéal Feirste le foirgneamh úr Naíscoil Bheann Mhadagáin a oscailt ar na mallaibh.

Tá an fhorbairt seo idir lámha acu le roinnt blianta anuas agus anois tá dea-thoradh bainte amach acu do phobal thuaisceart Bhéal Feirste agus don aos óg fán cheantar.

Labhair Tarlach Mac Giolla Bhríde faoin tábhacht a bhaineann lena leithéid d’ionad agus dúirt nach raibh ach an tús. Beidh siad ag tógáil bunscoil úr ar an suíomh céanna, chomh maith le seomraí feistis don club CLG áitúil.

Tá anois níos mó ná daichead naíscoil lán-Ghaelach foscailte ar fud na sé chontae agus bhí lúchair ar thuismitheoirí pháistí na naíscoile faoi na háiseanna den scoth atá ag a bpáistí.

Chuir Máire Uí Éigeartaigh, atá ina Príomhóide ar an scoil, béim mhór ar an tráidisiún láidir Gaeilge a bhí i gcónaí beo sa cheantar.

Tá sí anois sásta go mbeidh Naíscoil Bheann Mhadagáin agus an t-ionad úr seo ábalta an traidisiún seo a chothú do na glúnta le teacht.

Amharc ar an fhísean anseo!