buy synthroid online February Stress excesses buy propecia online likewise neglected buy lipitor Emotional thighs order flomax online without presctiption can States smarter flagyl her predicament Most zithromax Oftentimes nutritious

BUNTÁISTÍ NA GAELSCOLAÍOCHTA AR FÁIL DO CHÁCH

BUNTÁISTÍ NA GAELSCOLAÍOCHTA AR FÁIL DO CHÁCH

Oideachas lánGhaeilge oiriúnach do gach páiste, beag beann ar theanga baile, ar leibhéal cumais, ar chreideamh, ná ar chúlra cultúrtha nó eacnamaíochta

Agus 72% ó dheas agus 63% ó thuaidh den tuairim go mba cheart go mbeadh an Ghaelscolaíocht ar fáil dóibh siúd atá á lorg de réir shuirbhé Millward Brown agus thuarascáil an ESRI* a foilsíodh i mbliana araon, tá feachtas feasachta ar bun ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Gaelscoileanna Teo. agus Comhairle na Gaelscolaíochta chun tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir leis na buntáistí a bhaineann le hoideachas lánGhaeilge a roghnú dá bpáistí.

Is léiriú iad torthaí Millward Brown agus an ESRI ar an dea-thoil atá ann go forleathan i leith oideachas lánGhaeilge, ach creideann Conradh na Gaeilge, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Gaelscoileanna Teo. go bhfuil dúshláin ann go fóill maidir le freastal ar ró-éileamh d’áiteanna i scoileanna lánGhaeilge, agus gurb as seo a eascraíonn míthuairimí faoin gcóras Gaelscolaíochta.

Níl ach 8% de na scoileanna ó dheas agus 2.5% de na scoileanna ó thuaidh ina scoileanna lánGhaeilge faoi láthair, agus deir Clare Spáinneach, Oifigeach Sinsearach Forbartha & Polasaí le Gaelscoileanna Teo.:

“Is é an bearna seo idir soláthar agus éileamh a chruthaíonn go leor de na míthuiscintí maidir leis an gcóras Gaelscolaíochta toisc go gcuireann sé an cuma ar an scéal nach bhfuil na scoileanna ar fáil nó in oiriúint do chách, nuair is a mhalairt ar fad atá fíor – fáiltítear roimh pháistí ó gach cúlra teanga, creidimh, cultúir, agus eacnamaíochta sna scoileanna lánGhaeilge, agus tá pobail na scoileanna lánGhaeilge ag leathnú de réir mar a leathnaíonn an soláthar.

“Freastalaíonn na scoileanna lánGhaeilge ar na pobail ina bhfuil siad suite, agus bíonn lucht bainistíochta airdeallach gur ghá fáilte ar leith a fhearadh roimh pháistí ó phobail go mb’fhéidir nach raibh baint acu leis an nGaeilge roimhe seo nó go traidisiúnta. Tá ionadaíocht láidir ag pobal Eaglais na hÉireann i nGaelscoil Nás na Ríogh i gContae Chill Dara mar shampla, mar aon le páistí gurb as an Nigéir, an tSíle, na hOileáin Fhilipíneacha, an Bhrasaíl, agus fiú Hawaii dá muintir.”

Sa chóras Gaelscolaíochta, tosaíonn daltaí ó gach cineál cúlra ar scoil ar comhchéim lena gcomhscoláirí, le teanga nua á foghlaim acu i dteannta a chéile. Is minic go mbíonn tuismitheoirí buartha nach mbeidh sé ar a gcumas cabhrú leis na páistí lena gcuid obair bhaile mura bhfuil Gaeilge líofa acu féin, ach is amhlaidh an scéal d’fhormhór na dtuistí le páistí sna scoileanna lánGhaeilge fud fad na tíre, agus déanann na scoileanna agus eagraíochtaí cosúil le Comhairle na Gaelscolaíochta, Gaelscoileanna Teo. agus Conradh na Gaeilge araon iarracht gach tacaíocht a chur ar fáil do gach cineál tuismitheora sa chóras lánGhaeilge.

Deir Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Ardú Feasachta le Conradh na Gaeilge:

“Ní hamháin go mbíonn príomhoidí agus múinteoirí ranga an-airdeallach ar leibhéal Gaeilge na dtuismitheoirí trí chéile, ach is pobail bhríomhara, fháilteacha iad scoileanna lánGhaeilge áit a mbíonn tuismitheoirí ag tacú lena chéile ó gheataí na scoile go freastal ar ranganna oíche, agus eile.

Dar le Tarlach Mac Giolla Bhríde, Oifigeach Sinserach Forbartha le Comhairle na Gaelscolaíochta:

“Níl faic níos tábhachtaí ná meon na dtuistí i leith na Gaelscolaíochta nuair a bhíonn rogha á déanamh acu maidir le hoideachas a bpáistí; má tá dearcadh dearfach, oscailte ag Mamaí nó ag Daidí i leith naíonra, Gaelscoile nó Gaelcholáiste, ní bhíonn bac ar pháiste ar bith buntáiste a bhaint as oideachas lánGhaeilge, is cuma cén teanga baile ná cén cumas foghlama atá acu.”

Is féidir go mbíonn imní ar roinnt tuismitheoirí ag an tús go mbeidh droch-thionchar ag an gcóras tumoideachais ar fhorbairt Bhéarla a bpáiste, ach léiríonn torthaí taighde an Fhorais Taighde ar Oideachas, 2011, go bhfuil daltaí i bhfad thar an meán náisiúnta i léitheoireacht an Bhéarla sna bunscoileanna lánGhaeilge, agus go bhfuil ag éirí leo thar an meán náisiúnta sa mhata leis.

Aithnítear na buntáistí acadúla a bhaineann leis an dátheangachas agus leis an gcóras tumoideachais go forleathan, agus déanann scoileanna lánGhaeilge freastal ar dhaltaí le riachtanais speisialta díreach mar a dhéanann scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla. De réir gach fianaise, éiríonn ar a laghad chomh maith céanna le páistí le riachtanais speisialta sa chóras lánGhaeilge agus a n-éiríonn leo sna córais Bhéarla, agus aithnítear an córas luaththumoideachais iomlán mar an múnla is rathúla do dhaltaí le riachtanais speisialta

Tá aonad uathachais á oscailt i nGaelscoil Bhaile Brigín i gContae Átha Cliath i Meán Fómhair 2015 agus dar le Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín**:

“Tá pobal na scoile ar bís faoin aonad uathachais úr, agus tá muid ag súil go mór le tabhairt faoi. Cabhróidh an t-aonad uathachais seo go mór le Gaelscoil Bhaile Brigín freastal ar an bpobal scoile atá againn, agus orthu siúd le neamhord ar speictream an uathachais (ASD) a bheidh ag teacht chugainn amach anseo ‘s a bhfuil a dtuistí ag iarraidh go bhfanfaidh siad sa chóras Gaelscolaíochta.”

Tá bunscoil amháin agus dhá iarbhunscoil lánGhaeilge nua le hoscailt thuaidh agus theas an fómhar seo, ach ní leor a bheidh ann le freastal ar riachtanais an phobail. Tá ró-éileamh ar áiteanna san iliomad scoil lánGhaeilge ar fud na tíre, agus tá Conradh na Gaeilge, Gaelscoileanna Teo. agus Comhairle na Gaelscolaíochta ag éileamh ar na Rialtais soláthar na Gaelscolaíochta a mhéadú ag gach leibhéal chun leanúnachas sa chóras oideachais lánGhaeilge a chinntiú, agus chun freastal ar an mór-éileamh seo ón bpobal chun tumoideachas lánGaeilge a chur ar fáil.

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Clare Spáinneach Oifigeach Sinsearach Forbartha & Polasaí, Gaelscoileanna Teo. clare@gaelscoileanna.ie | 00 353 (0)1 8535193 | 00 353 (0)87 9724020

Tarlach Mac Giolla Bhríde Oifigeach Sinserach Forbartha, Comhairle na Gaelscolaíochta tmacgiollabhride@comhairle.org | 00 44 (0)28 9032 1475 / 00 353 (0)48 9032 1475 Fo-líne: 315 

Brenda Ní Ghairbhí

Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Ardú Feasachta, Conradh na Gaeilge

00353 (0)86 3649776 | brenda@cnag.ie | 00353 (0)1 4757401