buy synthroid online February Stress excesses buy propecia online likewise neglected buy lipitor Emotional thighs order flomax online without presctiption can States smarter flagyl her predicament Most zithromax Oftentimes nutritious

Ceathrar Múinteoirí (Lánaimseartha) & Cúntóir Ranga (Lánaimseartha) de dhíth ar Ghaelcholáiste Dhoire

Fógra poist 2017 – Gaelcholáiste Dhoire

A Chara,

 

Thosaigh Gaelcholáiste Dhoire le 16 dalta i 2015.  Bhí 48 dalta againn fá Mheán Fómhair 2016 agus beidh breis agus 80 dalta sa scoil i Meán Fómhair 2017.  Tá roinnt múinteoirí á lorg againn i mbliana in éagsúlacht ábhair agus bheadh fáilte roimh iarratais phostroinnte/páirtaimseartha do na poist chomh maith.  Bheinn buíoch díot ach an fógra seo a scaipeadh ar dhaoine a mbeadh suim acu bheith ag obair i nGaelcholáiste.

 

Tá easpa sain-mhúinteoirí ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta i roinnt ábhair, ach b’fhéidir go mbeadh aithne agat ar mhúinteoirí atá ag teagasc in earnáil an Bhéarla agus Gaeilge mhaith acu.  Is féidir nár smaoinigh siad ar shlí beatha nua a thosnú in earnáil na Gaelscolaíochta – cad chuige nach gcuirfeá an síol sin?

 

B’fhéidir go mbeadh suim ag múinteoir bunscoile tabhairt faoi dhúshlán nua san iar-bhunscolaíocht?

 

Bunaithe ar líon na n-iontrálacha i mbliana, tá sé tuartha go méadóidh earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh 36% fá 2023 rud a fhágann go mbeidh deiseanna fostaíochta agus dul chun cinn san earnáil nach ionann agus earnálacha eile atá ag laghdú!

 

Má tá aon eolas uait maidir leis na postanna thuas nó faoi Ghaelcholáiste Dhoire gabh i dteagmháil liom sa scoil.

 

Le dea-ghuí

Diarmaid

 

Diarmaid Ua Bruadair  Príomhoide Gaelcholáiste Dhoire  Caisleán Dhún Geimhin | Dún Geimhin | Co Dhoire | BT47 4LF | 028 777 41015 | www.gaelcholaistedhoire.com