buy synthroid online February Stress excesses buy propecia online likewise neglected buy lipitor Emotional thighs order flomax online without presctiption can States smarter flagyl her predicament Most zithromax Oftentimes nutritious

Fúinn – Cad é a dhéanaimid?

Cé muid?

Chuir an Roinn Oideachais Comhairle na Gaelscolaíochta ar bun sa bhliain 2000 leis na spriocanna seo a leanas a bhaint amach:

  1. An ghaelscolaíocht agus gaelscoileanna a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh in Éirinn ó thuaidh;
  2. Sin a dhéanamh ar bhealach pleanáilte a bheadh éifeachtach ó thaobh an oideachais agus costais de.

Ár bhFís

Córas gaelscolaíochta inmharthana, uileghabhálach a fhorbairt a chuideoidh chun teaghlaigh agus pobail labhartha Gaeilge a chruthú.

Ár Misean

Gréasán cuimsitheach de sholáthar gaelscolaíochta den scoth a fhorbairt sna deich mbliana
atá romhainn:

  1. A chuideoidh chun teaghlaigh agus pobail labhartha Gaeilge a fhorbairt;
  2. De mheon na huileghabhálachta agus na comhpháirtíochta le páirtnéirí san earnáil agus sa phobal.

Cad é a dhéanaimid?

  1. Tacú le tuismitheoirí atá ag iarraidh gaelscolaíocht a bhunú ina gceantar;
  2. Pleanáil le gaelscoileanna úra a bhunú;
  3. Caighdeáin dhea-chleachtais a chur chun cinn i ngaelscoileanna;
  4. Comhordú a dhéanamh ar obair na ndaoine agus na n-eagraíochtaí uile a bhfuil baint acu leis an ghaelscolaíocht;
  5. Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Earnáil na Gaelscolaíochta ag gach leibhéal;
  6. An ghaelscolaíocht a chur chun cinn sa Roinn Oideachais, sna Boird Oideachais agus Leabharlann, sa Chomhairle do Scoileanna Caitliceacha faoi Chothabháil, sa Chomhairle Churaclaim, Scrúduithe agus Mheasúnaithe agus in eagraíochtaí eile;
  7. Comhairle, cuidiú agus eolas maidir leis an ghaelscolaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil sin de dhíth orthu agus do ghrúpaí atá ag iarraidh gaelscoileanna agus aonaid ghaelscolaíochta a bhunú.

Cad é mar a dhéanaimid sin?

Cuireann Comhairle na Gaelscolaíochta an ghaelscolaíocht chun cinn i measc an phobail.  Spreagaimid tuismitheoirí le soláthar gaelscolaíochta a bhunú dá bpáistí. Tugaimid tacaíocht do thuismitheoirí atá ag iarraidh sin a dhéanamh.

Déanfaimid iarracht a chinntiú go mbeidh teacht ag daltaí ar ghaelscolaíocht d’ardchaighdeáin ag na trí leibhéal – réamhscolaíocht, bunscolaíocht agus iar-bhunscolaíocht.

Cá bhfaighimid ár maoiniú?

Faigheann Comhairle na Gaelscolaíochta deontas ón Roinn Oideachais le haghaidh tuarastail foirne, costais riaracháin agus feidhmiú plean bliana.

Cé atá ag obair againn?

Tá 13 ar fhoireann Chomhairle na Gaelscolaíochta faoi láthair:

Príomhfheidhmeannach, Oifigeach Sinsearach Oideachais, Oifigeach Sinsearach Forbartha, Oifigeach Sinsearach Airgeadais, Riaracháin agus Pearsanra, Oifigeach Cléireachais, Oifigeach Cléireachais Riaracháin, Oifigeach Oideachais, Oifigeach Forbartha (x6).

Cé atá ar an bhord stiúrtha?

Tá 22 stiúrthóir deonach ar bhord stiúrtha Chomhairle na Gaelscolaíochta.  Déanann eagraíochtaí / grúpaí leasmhara na stiúrthóirí a ainmniú. Is iad seo a leanas na heagraíochtaí atá ar an bhord faoi láthair ( – is féidir an liosta iomlán a fháil ón Tuairisc Bhliaintiúil )

Cathaoirleach – Caoimhín Ó Peatáin

Eagraíochtaí

  • Altram
  • An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
  • Association of Education and Library Boards
  • Colleges Northern Ireland
  • Comhairle na Gaelscolaíochta
  • Council for Catholic Maintained Schools
  • Roinn Oideachais
  • Foras na Gaeilge
  • Gaeleagras um Shainriachtanais Oideachais (GESO)
  • NISC / UCET
  • Pobal

Daoine atá roghnaithe:

  • Príomhoide (x4)
  • Tuismitheoir
  • Gobharnóir
  • Múinteoir