Fóram na bPríomhoidí

Tá Fóram na bPríomhoidí oscailte do na príomhoidí agus ceannairí aonaid ar fad ag leibhéal na bunscolaíochta agus iar-bhunscolaíochta in earnáil an Ghaeloideachais. Tagann an Fóram le chéile uair sa téarma agus is é an aidhm atá aige ná deiseanna líonraithe do phríomhoidí IM a éascú agus comhghleacaíocht a spreagadh in earnáil an Ghaeloideachais. Ina theannta sin, tugann an fóram deis  do Chomhairle na Gaelscolaíochta dul i gcomhairle leis an earnáil agus an mhórearnáil a chur ar an eolas faoi thosaíochtaí oibre na heagraíochta.

Is gné lárnach den Fhóram é Foghlaim Ghairmiúil an Mhúinteora agus tugtar cuireadh do phríomhoidí freastal ar dheiseanna TPL le linn an Fhóraim.

 

Ag Bainistiú Gearán i Scoileanna

Féach thíos nasc chuig an Eiseamláir Mhodh Déanta Gearán i Scoileanna, foilsithe ag an Údarás Oideachais. Tabharfaidh an Treoirábhar tacaíocht d’fhoireann na scoile agus do ghobharnóirí le cur i bhfeidhm éifeachtach an mhodha.  

Eiseamláir Mhodh Déanta Gearán i Scoileanna 

Treoirábhair ar an Eiseamláir Mhodh Déanta Gearán i Scoileanna

Áiseanna Strus agus Tráma

Bhí Fóram na bPríomhoidí ar siúl i gColáiste Ollscoile Naomh Muire le déanaí agus 30 príomhoidí agus Ceannairí Aonaid i láthair aige.

Bhain iad siúd a bhí i láthair tairbhe as deis iontach TPL ó Joanna Brown ón HSCNI. Thug Joanna traenáil ar ‘Adverse Childhood Experiences’ (ACEs), ábhar trom ach tábhachtach. Ar son an Fhóraim, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Joanna as an chur i láthair faisnéiseach agus an léargas luachmhar a thug sí ar shaincheist i saol na ndaoine óga faoinár gcúram.

Gheobhaidh sibh thíos ábhair úsáideacha ó Safeguarding Board NI ar strus agus tráma. Tá muid iontach buíoch do Joanna Brown ón SBNI as aistriúchán Gaeilge a fháil ar na hábhair seo.

Cabhraigh liom ciall a bhaint as an saol – Tionchar tráma ar fhorbairt inchinne a thusicint

Treoir do Dhaoine Óga ar Strus agus Tráma

Faigh an
scoil is gaire duit

Tuismitheoirí

Website designed by Visionworks Interactive