Liam Ó Muirí

D’fhág muid slán an tseachtain seo caite lenár gcara agus comhghleacaí, Liam Ó Muirí, a fuair bás ar an 1ú Eanáir. D’oibrigh Liam mar fháilteoir agus mar oifigeach riaracháin le Comhairle na Gaelscolaíochta ó 2005. Beidh cuimhne ag gach duine a tháinig isteach chun na oifige ar Liam; fear lách pléisiúrtha a bhí ann, a mbíodh aoibh an gháire air i gcónaí, fiú nuair nach raibh rudaí ag dul go maith ó thaobh na sláinte dó.  Throid Liam go cróga le 13 bliana in éadan tinnis, rud a spreag de shíor a chuid chomhghleacaithe san oifig seo, ach tugadh isteach san ospís é tamall roimh an Nollaig. Bhí a theaghlach agus a chuid cairde uile leis nuair a fuair sé bás, maidin lá na bliana úire. Maireann a bhean chéile Bernie agus beirt pháistí, Liam agus Amy, leis. Thar ceann earnáil na gaelscolaíochta, thar ceann a chomhghleacaithe uile agus thar ceann Chomhaltaí an Bhoird gabhaimid comhbhrón ó chroí le Bernie agus le daoine muinteartha Liam atá fágtha ina dhiaidh. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.