Ghlac Gaelscoil Éadain Mhóir, Doire céim mhór chun tosaigh an tseachtain seo nuair a chuaigh an scoil ar líne le seoladh oifigiúil a suíomh gréasáin.
Mhínigh Risteard Mac Daibhéid, Leas-Phríomhoide na Scoile go bhfuil líne dhíreach chumarsáide ann anois le tuistí agus daltaí na scoile.
‘Shocraigh an scoil a suíomh gréasáin féin a fhorbairt chun feabhas a chur ar an chumarsáid idir an scoil agus tuistí agus daltaí. Sa suíomh tá nascanna chuig suíomhanna oideachasúla a thugann tacaíocht d’oideachas na bpáistí sa bhaile.’
‘Chomh maith leis sin tá ábhar tábhachtach tacaíochta ann do thuistí atá ag iarraidh cuidiú breise a thabhairt dá bpáistí lena n-obair bhaile, go háirithe le hobair bhaile Ghaeilge le nascanna chuig www.focloir.ie agus www.abair.ie’
‘Tá nasc fosta chuig suíomh BBC d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, ‘Giota Beag’ do thuistí atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus dóibh siúd atá ag iarraidh cur leis an Ghaeilge atá acu. Tá réimse mhaith leathan d’ábhar difriúil ar an suíomh agus nuashonraítear í go minic chun cinnte a dhéanamh go bhfuil an t-eolas is úire ag tuistí, páistí agus ag an phobal i gcoitinne.’
Is féidir teacht ar shuíomh na scoile ag: www.school-sites.org/gaelscoileadainmhoir