Is é seo an t-am den bhliain a gcaithfidh tuismitheoirí a gcuid páistí a chlárú do bhunscoileanna agus réamhscoileanna araon. Tá spriocdháta an 20ú Eanáir ag druidim linn go tapa – tá am na cinniúna linn.
Anois an deis ag tuismitheoirí a roghanna a bhreithniú. Tá rogha ag tuismitheoirí anois. Go traidisiúnta, is beag rogha a bhíodh acu maidir le hoideachas a gcuid páistí. Ba í an réamshscoil nó bunscoil áitiúil an t-aon rogha a bhíodh acu. Anois, áfach, is féidir le tuismitheoirí suí síos agus a roghanna a bhreithniú. Ceann de na roghanna is mó atá ag teacht chun cinn do thuismitheoirí is ea é an Gaeloideachas. Le 47 Naíscoil lán-Ghaeilge agus 31 Bunscoil lán-Ghaeilge ar fud an Tuaiscirt, is rogha dháiríre anois é ag tuismitheoirí agus méadú ag teacht i gcónaí ar an líon tuismitheoirí a bhfuil sé ar fáil dóibh.
Tá an Gaeloideachas bunaithe ar pháistí a thumadh sa Ghaeilge ar scoil – teanga nach í an mháthairtheanga í ag bunús mór na ndaltaí. Déantar na hábhair agus na cluichí uile tré mheán na Gaeilge, agus taobh istigh d’achar gairid de bhlianta bíonn na páistí líofa sa teanga.
Dearcadh iomrallach coitianta amháin is ea go mbeidh na páistí faoi mhíbhuntáiste mura bhfuil an teanga ag a dtuismitheoirí. Ach ní hamhlaidh atá. I gcás bhunús mór na ndaltaí atá ag freastal ar ghaelscoileanna is é an Béarla amháin atá ag a dtuismitheoirí agus cruthaíonn an fhianaise ó na páistí seo go bhfuil an dearcadh seo iomrallach. Dearcadh iomrallach eile is ea go mbeidh a gcuid Béarla thíos leis. Is é fírinne an scéil é gur a mhalairt atá fíor. Toisc go bhfuil an dara teanga ag páistí fágann sin dáiríre gur fearr a gcuid Béarla agus a gcuid scileanna agus cumais scríbhneoireachta cruthaithí.
Tá roinnt buntáistí ag páiste dátheangach ar a mhacasamhlacha nach bhfuil acu ach Béarla. Tarlaíonn sé seo toisc go bhfuil inchinn an pháiste sreangaithe, mar a déarfá, de dhá chóras éagsúla, shaibhre smaoineoireachta agus aireachtála. Is fearr an cumas atá ag an pháiste dhátheangach teangacha eile a shealbhú; is fearr an cumas cruthaitheach atá aige; is fearr an cumas atá aige fadhbanna a réiteach go loighiciúil, rud a fhágann go bhfuil buntáiste acadúil aige. Agus cionnas go bhfuil teanga eile aige is mó na deiseanna fostaíochta atá aige.
Tá ráite chomh maith, maidir le páiste a bhfuil Gaeilge agus Béarla araon aige, go bhfuil braistint níos dearfaí ag an pháiste in earnáil na Gaelscolaíochta ar a féinmhuinín agus a féinfheasacht.
Ag leibhéal eile, is bronntanas cultúrtha tábhachtach é sealbhú na Gaeilge le tabhairt do pháistí - tugann sé deis dóibh a gcultúr Gaeilge chomh maith lena gcultúr Béarla a thaiscéaladh. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le do pháiste a chlárú nó lena fháil amach cá bhfuil an scoil is cóngaraí duit déan teagmháil le Comhairle na Gaelscolaíochta ag 90321475.