Tá tuismitheoirí páistí óga á spreagadh chun smaoineamh ar an réamhscolaíocht tré Ghaeilge agus an cinneadh ríthábhachtach á dhéanamh acu maidir leis an scoil áitiúil a gcuirfidh siad a gcuid páistí uirthi.
Tá fás suntasach ar réamhscoil cheannródaíoch Naíscoil na Deirge ó osclaíodh i 2008 í. Is feiniméan forásach í an ghaelscolaíocht fud fad na hÉireann thuaidh agus theas agus anois tá sí ar an mheán oideachais is gaiste fás ar an oileán.
Bhí an méid seo le rá ag Cáitriona Trainor, stiúrthóir na naíscoile: “Tá fás suntasach i ndiaidh teacht ar an Naíscoil, go háirithe sa 12 mhí dheireanach. Tá foireann ardcháilithe agus ardtiomanta againn a oibríonn i ndlúthchomhar le tuismitheoirí leis na caighdeáin is fearr ó thaobh oideachais agus líofachta sa Ghaeilge de a chinntiú.
Aithníonn tuismitheoirí i gceantar Chaisleán na Deirge dáiríre an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge inár gcultúr agus inár bhféiniúlacht, agus go sainiúil anois, i bhforbairt na nglún atá romhainn amach, tá siad an-tógtha maidir le hoideachas a gcuid páistí tré Ghaeilge. Sa naíscoil lán-Ghaeilge againn sealbhóidh do pháiste an teanga go gasta, go furasta agus in achar gearr, in atmaisféar cairdiúil réchúiseach ina dtugtar i gcónaí tús áite do riachtanais agus folláine na bpáistí.
Tá faighte amach ag tuismitheoirí a bhfuil páistí acu ag freastal ar ghaelscoil nach call dóibh a bheith buartha nach féidir leo cuidiú lena gcuid páistí leis an obair baile. Cé nach gcaithfidh tuismitheoirí an Ghaeilge a fhoghlaim, ofrálann muid ranganna dóibh siúd ar mian leo í a fhoghlaim.”
Mar fhocal scoir, dúirt Caitríona: “Is eagraíocht phoballárnaithe í ár Naiscoil, agus tá sé tábhachtach, dar linn, cumainn iarscoile, clubanna obair baile agus scéimeanna samhraidh a sholáthar do na páistí. Sibhse, a thuismitheoirí óga, tá an-deis agaibh tús iontach a thabhairt do bhur bpáistí sa chineál oideachais chorraitheach seo. Is tríd an Ghaelscolaíocht amháin a chuirfear oideachas leathan ar fáil do bhur bpáistí ina mbainfidh siad líofacht amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon chomh maith le buntáistí acadúla agus pearsanta eile.”
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an Ghaelscolaíocht déan teagmháil le: Comhairle na Gaelscolaiochta ag 90321475 Nó Naíscoil na Deirge ag 81679929.