Comhdháil Bhliantiúl na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste

Beidh na céadta múinteoirí de chuid earnáil na Gaelscolaíochta ag taisteal go Béal Feirste An Aoine seo le freastal ar chomhdháil bhliantúil na hearnála. Tá an Chomhdháil, a bheas ar siúl ag Coláiste Feirste, á reachtáil mar chomhimeacht idir Comhairle na Gaelscolaíochta agus na Boird  Oideachais agus Leabharlanine. Beidh na cainteanna ag díriú ar réimse leathan do ábhair mar mheasúnú éifeachtach i dtreo teagaisc agus foghlamtha, foghrúcháin teanga, feabhas a chur ar úsáid na Gaeilge i ngach réimse den scoil agus ag spreagadh scileanna scríbhneoireachta. Beidh a chomhdháil ar siúl idir 9.30 agus 4.00.