Naíscoil agus scoileanna lán-Ghaeilge nua i Meán Fómhair

I Meán Fómhair na bliana seo bunófar 3 cinn de bhunscoileanna lán-Ghaeilge nua ó thuaidh nuair a bheidh Cill Chaoil, an Baile Meánach agus Léim an Mhadaidh ag cur le líon na scoileanna lán-Ghaeilge. Bhí an méid seo le rá ag Réamaí Mathers ó Chomhairle na Gaelscolaíochta: “Léirigh na pobail seo an-tiomantas go deo tá roinnt blianta ó shin nuair a d’fhorbair siad naíscoileanna nua agus anois tá trí cinn de ghaelscoileanna nua ag teacht ar an fhód an Meán Fómhair beag seo. Anuraidh i Machaire Fíolta d’oscail Gaelscoil an tSeanchaí a doirse agus tá méadú mór tagtha ar an líon daltaí atá ag freastal ar an scoil aníos. Tá córas nua meántóireachta á fhorbairt ag an eagraíocht againn lena chinntiú, sna blianta tosaigh acu, go mbainfidh na scoileanna seo leas as an taithí atá ag príomhoidí atá ann cheana agus ag ceannairí ó sholáthair Ghaelscolaíochta eile. Ar an dóigh seo beidh na scoileanna nua ag tosú amach faoi rith te rása.

Lena chois sin i mbliana, beidh naíscoil lán-Ghaeilge nua á hoscailt i gCill Locha agus tá pleananna ann le Naíscoil Cholm Cille a athlonnú le fócasú ar an éileamh méadaithe sa Chathair.

Is gné leanúnach den oideachas ó thuaidh é fás na Gaelscolaíochta agus cuirfidh na scoileanna nua go mór le hearnáil fhorásach na Gaelscolaíochta.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Comhairle na Gaelscolaochta ar 90321475 nó www.comhairle.org

Réamaí Mathers

R.phost/ Email: Reamai.mathers@gmail.com