Fúinn

Cé muid?

Chuir an Roinn Oideachais Comhairle na Gaelscolaíochta ar bun sa bhliain 2000 leis na spriocanna seo a leanas a bhaint amach:

  1. An Ghaelscolaíocht agus Gaelscoileanna a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh in Éirinn ó thuaidh;
  2. Sin a dhéanamh ar bhealach pleanáilte a bheadh éifeachtach ó thaobh an oideachais agus costais de.

Fís Chomhairle na Gaelscolaíochta

Líonra de ghaelscoileanna fuinniúla, inbhuanaithe, ó réamhscolaíocht go hiar-bhunscolaíocht, a sholáthróidh oideachas d’ard-chaighdeán, a bheidh i gcroílár pobal labhartha Gaeilge atá i mbéal forbartha.

Misean Chomhairle na Gaelscolaíochta

Cur le forbairt pobal labhartha Gaeilge beoga trí rochtain ar Ghaeloideachas ardchaighdeain a chinntiú do gach duine ar mhaith leo é.

 

Cad é a dhéanaimid?

  1. Tacú le tuismitheoirí atá ag iarraidh Gaelscolaíocht a bhunú ina gceantar;
  2. Pleanáil le Gaelscoileanna úra a bhunú;
  3. Caighdeáin dhea-chleachtais a chur chun cinn i nGaelscoileanna;
  4. Comhordú a dhéanamh ar obair na ndaoine agus na n-eagraíochtaí uile a bhfuil baint acu leis an Ghaelscolaíocht;
  5. Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Earnáil na Gaelscolaíochta ag gach leibhéal;
  6. An Ghaelscolaíocht a chur chun cinn sa Roinn Oideachais, sna Boird Oideachais agus Leabharlann, sa Chomhairle do Scoileanna Caitliceacha faoi Chothabháil, sa Chomhairle Churaclaim, Scrúduithe agus Mheasúnaithe agus in eagraíochtaí eile;
  7. Comhairle, cuidiú agus eolas maidir leis an Ghaelscolaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil sin de dhíth orthu agus do ghrúpaí atá ag iarraidh Gaelscoileanna agus aonaid Ghaelscolaíochta a bhunú.

Cad é mar a dhéanaimid sin?

Cuireann Comhairle na Gaelscolaíochta an Ghaelscolaíocht chun cinn i measc an phobail.  Spreagaimid tuismitheoirí le soláthar Gaelscolaíochta a bhunú dá bpáistí. Tugaimid tacaíocht do thuismitheoirí atá ag iarraidh sin a dhéanamh.

Déanfaimid iarracht a chinntiú go mbeidh teacht ag daltaí ar Ghaelscolaíocht d’ardchaighdeáin ag na trí leibhéal – réamhscolaíocht, bunscolaíocht agus iar-bhunscolaíocht.

Cá bhfaighimid ár maoiniú?

Faigheann Comhairle na Gaelscolaíochta deontas ón Roinn Oideachais le haghaidh tuarastail foirne, costais riaracháin agus feidhmiú plean bliana.

Cé atá ag obair againn?

Tá 10 ar fhoireann Chomhairle na Gaelscolaíochta faoi láthair:

Príomhfheidhmeannach, Oifigeach Sinsearach Oideachais, Oifigeach Sinsearach Forbartha,  Oifigeach Sinsearach Polasaí agus Abhcóideachta, Oifigeach Sinsearach Airgeadais, Riaracháin agus Pearsanra, Oifigeach Cléireachais (x2) agus Oifigeach Comhairleach (x3).

Cé atá ar an bhord stiúrtha?

Tá 14 stiúrthóir deonach ar bhord stiúrtha Chomhairle na Gaelscolaíochta.  Déanann eagraíochtaí / grúpaí leasmhara na stiúrthóirí a ainmniú. Is iad seo a leanas na heagraíochtaí atá ar an bhord faoi láthair ( – is féidir an liosta iomlán a fháil ón Tuairisc Bhliaintiúil )

Cathaoirleach – Seosamh Ó Coinne

Eagraíochtaí

  • Altram – Áine Andrews
  • An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) – Jacqueline Ní Fhearghusa
  • Colleges Northern Ireland
  • Comhairle na Gaelscolaíochta
  • Council for Catholic Maintained Schools – Paul O’Doherty
  • Roinn Oideachais – Nuala Toman
  • Foras na Gaeilge – Seosamh Ó Coinne
  • NISC – Thomas Rogan

Daoine atá roghnaithe:

  • Príomhoide (x4) – Diarmaid Ua Bruadair
  • Tuismitheoir – Pádraig Ó Mianain
  • Gobharnóir – Niall Ó Catháin
  • Múinteoir -Orla Flanagan

Faigh an
scoil is gaire duit

Tuismitheoirí

Website designed by Visionworks Interactive