Aitheantas don Ghaelscolaíocht san Athbhreithniú ar an Churaclam

Fáiltíonn Comhairle na Gaelscolaíochta roimh an aitheantas a thugtar san Athbhreithniú Neamhspleach ar an Churaclam, a d’fhoilsigh Roinn an Oideachais ar an 3ú Meitheamh, ar na dúshláin ar leith a chothaíonn an curaclam reatha do sholáthar an teagaisc agus na foghlama i gcomhthéacs Gaelscolaíochta. 

D’aithin ionadaithe earnáil na Gaelscolaíochta, nár phléigh an curaclam reatha le sáintreithe an tumoideachais agus nach raibh sé ionadaíoch ar an aistear foghlama fríd an Ghaelscolaíocht. Is ábhair dóchais iad na moltaí atá leagtha amach ag údar an athbhreithnithe, Lucy Crehan, le dul i ngleic leis an neamart sin. 

I measc na moltaí atá déanta san athbhreithniú, tá sprioc soiléir leagtha amach chun ‘curaclaim agus áiseanna cuí a chinntiú do dhaltaí Gaelscolaíochta’ agus luaitear go sonrúil ‘easpa áiseanna measúnaithe agus easpa foghlaim ghairmiúil, atá ina mbac i leith comhionannas’ 

Ghabh Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Maria Thomasson buíochas ar leith le Lucy Crehan, as na deiseanna a thug sí don Chomhairle agus do chleachtóirí na hearnála cur i láthair a dhéanamh do phainéal na hathbhreithnithe ar easnaimh an churaclaim reatha agus moltaí i leith churaclaim úire: 

‘Is léir go ndeachaigh a raibh le rá ag Comhairle na Gaelscolaíochta agus cleachtóirí earnálacha, i bhfeidhm go mór ar Lucy agus a cuid comhghleacaithe. Tá muid thar a bheith buíoch an deis a fháil, turas foghlama sainiúil daltaí Gaelscolaíochta  a mhíniú, i gcomhthéacs an tumoideachais, agus tá muid ag dúil go mór leis an tuairisc ina iomlán a léamh agus le bheith go hiomlán rannpháirteach i gcur i gcrích moltaí an Athbhreithnithe amach anseo.’ 

Is féidir theacht ar an tuairisc ina iomlán anseo: Review of the Northern Ireland Curriculum | Department of Education 

 

Comhairle na Gaelscolaíochta Os Comhair Choiste Oideachais an Tionól

Rinne ionadaithe ó Chomhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) cur i láthair do Choiste Oideachais an Tionóil an tseachtain seo caite, áit a ndíríodh ar Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) in earnáil na Gaelscolaíochta. 

Thug Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach agus Orla Nig Fhearraigh, Oifigeach Sinsearach Oideachais, aghaidh ar na bearnaí sa soláthar do riachtanas speisialta san earnáil, go háirithe maidir le huirlisí measúnaithe, acmhainní teagaisc agus foghlama, soláthar speisialaithe agus an easpa pearsanra atá cáilithe go cuí agus a bhfuil taithí acu, atá in ann cúnamh a thairiscint do pháistí Gaelscolaíochta, trí mheán na Gaeilge. 

Rinneadh tagairt arís agus arís eile do pháipéar taighde 2025 CnaG ‘An Soláthar do Riachtanais Speisialta Oideachais agus do Mhíchumas sa Ghaelscolaíocht,’ ina ndéantar iniúchadh domhain ar an iliomad saincheisteanna atá os comhair na hearnála maidir le SEN agus ina gcuirtear réimse réitigh i láthair. Is féidir teacht ar chóip den tuarascáil anseo: Taighde.  

Dhírigh ceisteanna ón Choiste Oideachais ní hamháin ar RSO ach freisin ar an obair atá ar siúl sa Roinn Oideachais ar straitéis don Ghaelscolaíocht. Leanfaidh CnaG ag déanamh abhcóideachta le haghaidh straitéis chuimsitheach a thabharfaidh aghaidh ar na saincheisteanna iomadúla atá os comhair na hearnála, ní hamháin maidir le RSO ach fosta, maidir le dúshláin a bhaineann le fórsa oibre, cóiríocht agus acmhainní teagaisc agus foghlama. 

Sa ghrianghraf thíos, ó chlé, tá Ciarán Mackin agus Jordy Ó Cathain, aistritheoirí an Tionóil, a chuir seirbhís aistriúcháin ar fail do chur i láthair CnaG; Maria Thomasson, PF agus Orla Nig Fhearraigh, OSO. 

 

Tuarascáil Shuntasach Taighde Eisithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta ar Riachtanais Speisialta Oideachais in Earnáil na Gaelscolaíochta

Tá tuarascáil taighde á lainseáil ag Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) inniu (29/11/2024) ar mhór-cheist Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) in earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh. 

An Soláthar do Riachtanais Speisialta Oideachais agus Míchumais sa Ghaelscolaíocht is teideal an taighde seo, ina dtugtar léargas cuimsitheach ar réimsí RSO san earnáil faoi láthair; an easpa soláthair atá ann le tabhairt faoi na dúshláin sin agus moltaí éagsúla i leith maolaithe. 

Ba chomh-iarracht í an tuarascáil seo idir CnaG, faoi stiúir Orla Nig Fhearraigh, Oifigeach Sinsearach Oideachais; An Dr Sinéad Nic Aindriú, Ollamh Cúnta i dTeagasc na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus cleachtóirí RSO in earnáil na Gaelscolaíochta.  

Is ar na forais oideachais ó thuaidh is mó atá moltaí na taighde seo dírithe, agus athbhreithnithe éagsúla ag dul aghaidh faoi láthair ag Roinn an Oideachais agus ag an Údarás Oideachais i dtaca le RSO dó. Tá sé de rún ag CnaG anois, an tuarascáil agus na moltaí istigh ann a chur faoi bhráid an Áire Oideachais agus na forais oideachais áitiúla, mar aon le polaiteoirí áitiúla, eagraíochtaí eile oideachais agus scairshealbhóirí eile, le go mbeidh riachtanais shainiúla na Gaelscolaíochta san áireamh i dtionscnaimh RSO amach anseo. 

Is féidir theacht ar an tuarascáil taighde anseo: The Provision for Special Educational Needs and Disabilities in Irish-medium Education November 2024.pdf

 

 

Website designed by Visionworks Interactive