Bunscoil Bheanna Boirche – Príomhoide de Dhíth
Posted: 14th Mar, 2024
Íoslódáil Folúntas
‘Mól an Óige’
Bunscoil Bheanna Boirche
Bunkers Hill
Caisléan Uidhilín
BT31 9EB
wpickering052@c2kni.net
Post – Príomhoide
Freagrach as an ghrúpa réamhscolaíochta (Bunscoil Bheanna Boirche)
Conradh Buan
Tá Bunscoil Bheanna Boirche ag iarraidh príomhoide a cheapadh a léiríonn go soiléir, ag staid an iarratais agus ag staid an agallaimh araon, fís ghlinn don scoil, a bhfuil ardscileanna labhartha agus scríofa i nGaeilge aici/aige agus a chuireann agus a fhorbraíonn an t-éiteas Gaelscolaíochta agus a éascaíonn atmaisféar ina n-aithnítear fiúntas gach duine agus ina gcuirtear misneach i ngach duine.
Critéir Riachtanacha:
• Bunchéim agus cáilíocht aitheanta teagaisc agus bheith cláraithe le GTCNI faoi dháta an cheapacháin
• 6 bliana ag obair i nGaelscoil nó in earnáil ábhartha chuí le 6 bliana anuas
• Taithí inléirithe i mbainistiú daoine agus acmhainní
• Ardscileanna cumarsáide sa Ghaeilge agus sa Bhéarla
• 1 phointe bainisteoireachta ar a laghad
Critéir Inmhianaithe
• Cáilíocht ábhartha sa cheannasaíocht déanta nó idir lámha
• Taithí a bheith agat ar mhórthionscadail athraithe mar shampla moladh forbartha, athlonnú suímh srl.
• Bheith ina p(h)ríomhoide nó ina leas-phríomhoide
Le foirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil déantar teagmháil le:
Wayne Pickering
Guthán: 07736836938
Ríomh-phost: wpickering052@c2kni.net
Fostóir comhionannais atá i mBunscoil Bheanna Boirche.
Dáta druidte:
5.00i.n. 28/03/2024
Agallaimh: dáta le cinntiú