Gheobhaidh tú cóip d’fhoirm iarratais Chlár Tacaíochta na gCeannairí Foghlama 19/20/21 ag an nasc thíos.
Tabhair le fios go gclúdaíonn an fhoirm seo cúrsaí a thit amach sa scoilbhliain 19/20 agus in 20/21.
Is é an Aoine 19ú Feabhra 2021 an spriocdháta d’fhoirmeacha a chur isteach.
Tá gach eolas ar an phróiseas iarratais san fhoirm iarratais féin.
Má tá níos mó eolais uait, seol ríomhphost chuig onigfhearraigh@comhairle.org
Tá sé de dhualgas ag an Roinn Oideachais, faoi Alt 89 d’Ord Oideachais agus Leabharlann (TÉ) 1998, an Gaeloideachas a éascú agus a chur chun cinn. Mar ghné den dualgas seo, tugann an roinn maoiniú bliantúil do Scéim na Sparánachtaí Gaeilge atá riartha ag an Údarás Oideachais (ÚO) agus Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) beirt. Tá an maoiniú seo eisithe i gcomhar leis na haidhmeanna atá leagtha amach i Straitéis na gCeannairí Foghlama (RO 2016).
Tugann an scéim seo deiseanna Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí (TPL) d’fhoirne Gaelscolaíochta tríd soláthar de réimse chlár spreagtha Gaeilge, éascaithe ag réimse leathan soláthróirí.
Is í aidhm fhoriomlán na Straitéise ná:
lucht ghairm na múinteoireachta a chumasú lena ngairm agus a saineolas a neartú le tabhairt faoi riachtanais dhúshlánacha oideachais daoine óga sa 21ú céad.
Is iad na cuspóirí tacaíochta ná:
creat struchtúrtha a chur ar fáil don fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí; acmhainn cheannaireachta múinteoirí a fhorbairt; agus tacaíocht faoi cheannaireacht an chleachtais a chur ar fáil laistigh de phobail cleachtas éifeachtach. Tréithe comhaontaithe den soláthar éifeachtach a chuireann bonn faoi na cuspóirí seo.
Dírítear sa tStraitéis ar chúig chroíréimse:
I. Creat Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí – múinteoirí a chumasú le tógáil ar a gcuid buanna agus tacaíocht bhreise a rochtain, trí theaglamaí de chuir chuige foghlama a dhíríonn ar an fhoghlaim phearsanta agus ar roghanna gairme agus a léiríonn riachtanais a gcuid daltaí.
II. Dea-Chleachtas a Fhorbairt agus a Scaipeadh – tacú le sainaithint agus le feidhmiú cleachtas nuálach san fhoghlaim ghairmiúil atá sa chóras cheana féin le feabhsúchán a chur i gcrích agus ‘an chéad chleachtas eile’ a fhorbairt.
III. Pobail Foghlaim Ghairmiúil a Chothú – tacú le comhoibriú níos dlúithe idir cleachtóirí, scoileanna agus cnuasaigh de scoileanna agus soláthraithe foghlaim ghairmiúil.
IV. Acmhainn Cheannaireachta a Thógáil – an tacaíocht reatha agus foghlaim ghairmiúil do cheannairí scoile a neartú.
V. Rannpháirtíocht – dul i dteagmháil le cleachtóirí agus le páirtithe leasmhara eile i ngach cuid den chóras faoi na gníomhaíochtaí a éireoidh as an Straitéis seo.
Website designed by Visionworks Interactive