Cuimsíonn an Comhphobal Foghlama an Grúpa Ceannaireachta (IMLG) agus na ceithre ghrúpa réigiúnacha (IMLC) a chlúdaíonn earnáil an Ghaeloideachais sa Tuaisceart.
Is iad aidhmeanna an ghrúpa ná;
- Gréasán éifeachtach chomharfhoglama don Ghaeloideachas a chruthú (IMLC) atá aontaithe ar an chomhfhís do chothromas agus dearscnaitheacht a bhaint amach do pháistí Gaelscolaíochta
- Grúpa Ceannaireachta straitéiseach (IMLG) a chruthú a dhéanann ionadaíocht ar na ceantair thíreolaíocha éagsúla, atá freagrach as pleanáil agus seachadadh chlár feabhais tríd scaipeadh agus forbairt an dea-chleachtais agus comhoibriú leis na príomhfhorais thacaíochta
- Bheith ag obair le RO agus ÚO chun comhordaitheoir leis an taithí agus na cáilíochtaí cuí a cheapadh leis na spriocanna aontaithe a bhaint amach
- Spriocanna cuí agus insroichte a leagan amach don earnáil a tharbhafas spreagadh, tacaíocht agus dúshlán do Ghaelscoileanna agus iad ag iarraidh an t-eispéireas is luachmhara a chur ar fáil do dhaltaí Gaelscolaíochta.
- An taithí suntasach, chomh maith leis na scileanna agus buanna atá ag scoileanna, ceannairí agus cleachtóirí san earnáil a scaipeadh ar leas na bhfoghlaimeoirí ar fad
- Forbairt earnála a éascú tríd cur i bhfeidhm an Phlean Straitéisigh
- Maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm, monatóireacht agus luacháil gach plean feabhais