Tar ag obair linn! – Oifigeach Margaíochta agus Cumarsáide le dualgais riaracháin

Tar ag obair linn! – Oifigeach Margaíochta agus Cumarsáide le dualgais riaracháin

Posted: 26th Nov, 2025

Folúntas le Comhairle na Gaelscolaíochta

Ba mhaith le Comhairle na Gaelscolaíochta an ceapachán seo a leanas a dhéanamh:

 

Oifigeach Margaíochta agus Cumarsáide le dualgais riaracháin (Post Buan)

Suíomh: Béal Feirste (le roghanna oibre hibrideacha)
Tuairiscíonn siad do: Oifigeach Sinsearach Polasaí & Abhcóideachta / Oifigeach Sinsearach Seirbhísí Corparáideacha
Cineál Conartha: Lánaimseartha / Buan
Tuarastal: Scála NJC 5 £28,598 – £31,022

 

Ní mór an fhoirm iarratais agus an fhoirm mhonatóireachta, arna gcomhlánú, a chur ar ais chuig an Fhoireann Earcaíochta tríd an tseoladh ríomhphoist go dtí dmcgarry@comhairle.org

De rogha air sin, is féidir leat na foirmeacha a chur ar ais tríd an phost chuig Danny McGarry, Comhairle na Gaelscolaíochta, Áras na bhFál, 202 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6AH.

Ní mór do d’iarratas bheith seachadta tráth nach déanaí ná:

12:00 Dé Céadaoin 10 Nollaig 2025

 

Cliceáil ar na nascanna thíos leis na foirmeacha a íoslódáil:

Leabhrán Eolais

Foirm Iarratais

Foirm Monatóireachta

 

Website designed by Visionworks Interactive