Fáilte curtha roimh Thuarascáil ar Ualach Oibre Múinteoirí



02nd Dec, 2025

Fáilte curtha roimh Thuarascáil ar Ualach Oibre Múinteoirí

Fáiltíonn Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) roimh thuarascáil deiridh an Athbhreithnithe Neamhspleách ar Ualach Oibre Múinteoirí, arna choimisiúnú ag an Roinn Oideachais, agus go háirithe roimh na tuairimí agus na moltaí sin a bhaineann le ceist ualach oibre in earnáil na Gaelscolaíochta. 

Bhuail CnaG leis an phainéal athbhreithnithe níos luaithe i mbliana agus leag muid amach na saincheisteanna iomadúla a théann i bhfeidhm ar chleachtóirí in earnáil na Gaelscolaíochta, lena n-áirítear torthaí tuarascála taighde a rinne an tIonad um Thearcghnóthachtáil Oideachais in Ollscoil an tSruthán Mhilis, dar teideal Teacher Workload in the Irish medium Sector; Evidential Insights. 

Ba é conclúid na tuarascála go raibh roinnt saincheisteanna ann, a bhain go sonrach leis an Ghaelscolaíocht, a d’eascair as cleachtóirí na hearnála ag obair i bhfad níos faide ná an 1265 uair an chloig molta, agus a raibh drochthionchar acu ar mhoráltacht chomh maith le sláinte fhisiciúil agus mheabhrach. I measc na saincheisteanna sin tá an t-am breise atá de dhíth le acmhainní agus measúnuithe oiriúnacha a chruthú, drochchóiríocht agus bonneagar agus saincheisteanna maidir le soláthar múinteoirí. 

Chuir Príomhfheidhmeannach CnaG, Maria Thomasson, fáilte mhór roimh thorthaí na tuarascála ach thug sí rabhadh go raibh gá le gníomh práinneach anois chun aghaidh a thabhairt go hiomlán ar na saincheisteanna fadtéarmacha a bhaineann leis an earnáil,  in ainneoin díograis agus tiomantas leanúnach cleachtóirí Gaelscolaíochta: 

“Cuirimid fáilte roimh an aitheantas sa tuarascáil seo do na dúshláin uathúla atá roimh chleachtóirí Gaelscolaíochta. Ar feadh i bhfad, tá ualach éagórach ag na gairmithe tiomnaithe seo, ag cruthú acmhainní agus measúnuithe gan an tacaíocht a bhíonn ar fáil go rialta i suíomhanna Béarla. Deimhníonn torthaí an Phainéil Athbhreithnithe Neamhspleách agus taighde CREU araon an rud atá ar eolas againn le fada an lá: tá tionchar tromchúiseach ag ualach oibre iomarcach ar mhoráltacht agus ar fholláine. Cé gur céim thábhachtach chun tosaigh é an t-aitheantas seo, tá gá le gníomh práinneach anois ón Aire chun bearta a chur i bhfeidhm a mhaolóidh na brúnna sin agus a chinnteoidh cothromas do chleachtóirí Gaelscolaíochta.” 

 

Is féidir theacht ar Teacher Workload in the Irish medium Sector; Evidential Insights, anseo; Publications – Comhairle English 

Is féidir theacht ar tuarascáil Athbhreithniú Neamhspleách ar Ualach Oibre Múinteoirí anseo: Independent Review of Teacher Workload – Final Report | Department of Education 

Website designed by Visionworks Interactive