Stair na hEarnála

Fúinn – Stair na Gaelscolaíochta

Sna 1960í in Iarthar Bhéal Feirste, chinn grúpa de lánúineacha óga ar an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chur chun cinn mar ghnáth-theanga don teaghlach agus don phobal. Chuige sin, bhunaigh siad pobal de chainteoirí Gaeilge sa bhliain 1969 agus thóg tithe ar Bhóthar Seoighe ar a tugadh “Pobal Feirste”. Ba mhian leis na teaghlaigh seo a bpáistí a thógáil i dtimpeallacht Ghaeilge, agus bhí siad meáite ar an chur chuige teangeolaíoch seo a choinneáil nuair a bhí a gcuid páistí in aois scoile.  Ba chéim nádúrtha den phróiseas seo an Ghaelscolaíocht a chur ar fáil do na páistí.

Faoin bhliain 1971 bhí 9 páistí in aois scoile sa phobal seo agus bunaíodh bunscoil. Faoi bhainistíocht na dtuismitheoirí, tháinig bláth agus borradh faoin scoil agus thosaigh go leor páistí eile taobh amuigh den phobal ag tarraingt uirthi.  Bhí dúshláin ollmhóra roimh na teaghlaigh chun aitheantas a bhaint amach don scoil seo agus ar feadh tamaill bhí siad i mbaol a n-ionchúisithe as ‘scoil neamhaitheanta’ a reáchtáil.

Le riar ar an ardú seo ar líon na bpáistí ó theaghlaigh nach raibh an Ghaeilge á labhairt iontu, bhunaigh tuismitheoirí clár tumoideachais réamhscolaíochta. Osclaíodh an naíscoil sa bhliain 1978 agus d’fhág an clár tumoideachais go bhféadfadh páistí nach raibh Gaeilge sa timpeallacht acu bunscileanna na teanga a shealbhú.

Sa bhliain 1984 bhronn Roinn Oideachais ó thuaidh stádas mar bhunscoil dheonach faoi chothabháil ar an bhunscoil, rud a d’fhág go raibh sí i dteideal maoinithe. Aithnítear bunú Bhunscoil Bhóthar Seoighe ar an chéim ba thábhachtaí in athbheochan na Gaeilge in Éirinn ó thuaidh ag deireadh an 20ú céad.

Sa bhliain 1983 bhunaigh díograiseoirí i nDoire Cholm Cille aonad Gaelscolaíochta i mbunscoil Chaitliceach.  Bronnadh cúnamh deontais ar an aonad Gaelscolaíochta seo i mBunscoil Bhaile an Stiallaigh, agus mar gheall ar an rollú méadaithe d’fhorbair sí mar bhunscoil Chaitliceach shaorscartha i 1993 laistigh den earnáil Chaitliceach faoi chothabháil.  I 1984 forbraíodh Gaelscoil na bhFál, an dara bunscoil i mBéal Feirste, chun riar ar an éileamh a bhí ag  méadú i gcónaí ar ghaelscolaíocht agus tugadh aitheantas rialtais  di  in 1992.  Ar an Iúr i 1997 bronnadh maoiniú ar Ghaelscoil eile a bunaíodh i 1992.

Osclaíodh an chéad iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i mBéal Feirste sa bhliain 1991 le beirt mhúinteoirí lánaimseartha agus naonúr daltaí. Anois tá áis úr nua ag Coláiste Feirste le foireann mhór múinteoirí agus níos mó ná 500 dalta ar na rollaí.  I 2003 osclaíodh Coláiste Chaitríona, srúth gaelscolaíochta i gColáiste Naomh Caitríona, Ard Mhacha, agus bronnadh cúnamh deontais air láithreach. Faoi láthair, tá Sólathóirí Iar-Bhunscolaíochta in Ard Mhacha, i gCaisleáin Uidhlinn agus ar an Domhnach Mór.

Faoi láthair, tá 84 scoil ann ar fad a chuireann an Ghaelscolaíocht ar fáil do thart ar 5000 páiste fud fad na hÉireann ó thuaidh.

Clocha míle tábhachtacha eile

Le linn 1994-96 rinneadh tionscadal taighde chun pleanáil a dhéanamh do Bhunoiliúint Múinteoirí Gaelscolaíochta i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.  Thosaigh an cúrsa TICO i 1995.  An bhliain dar gceann, thosaigh an chéad chohórt mac léinn ar an sainchúrsa ceithre bliana B.Oid acu.  I 1998, mar fhorbairt ar áisaonad a bhí bunaithe i mBunscoil Phobal Feirste, bunaíodh an tÁisaonad Lán-Ghaeilge sa Choláiste, chun acmhainní teagaisc a sholáthar d’Earnáil na Gaelscolaíochta.

Mar gheall ar Ordú Oideachais 1998, a tháinig de dhroim Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998, bhí an Roinn Oideachais in ann deontais a dhíol le haon fhoras, dar leis an Roinn, a raibh sé d’aidhm aige an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn.  I Lúnasa 2000 bhunaigh an Roinn Oideachais Comhairle na Gaelscolaíochta chun forbairt straitéiseach Earnáil na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú agus chun treoir agus comhairle a chur fáil don earnáil.

Rinne Comhairle na Gaelscolaíochta agus an Roinn Oideachais Iontaobhas na Gaelscolaíochta a chomhbhunú i Márta 2001. Cuireann an tIontaobhas tacaíocht ar fáil don earnáil trí dheontais a bhronnadh ar scoileanna neamhspleácha agus trí chuidiú le costais chaipitiúla do scoileanna a bhfuil cabhair deontais athfhillteach ceadaithe dóibh ach nach bhfuil i dteideal deontas caipitiúil.

Faigh an
scoil is gaire duit

Tuismitheoirí

Website designed by Visionworks Interactive