Preasráiteas: Toscaireacht Chomhairle na Gaelscolaíochta agus QUB os comhair Choiste Oideachais an Tionóil



13th Mar, 2024

Preasráiteas: Toscaireacht Chomhairle na Gaelscolaíochta agus QUB os comhair Choiste Oideachais an Tionóil

Sa phictiúr: Baill an Ionad Um Thaighde ar Léann Teangacha ag Ollscoil na Banríona agus Comhairle na Gaelscolaíochta, a labhair ar na mallaibh ag Siompóisiam Taighde i gCnoc an Anfa, a bheidh os comhair Coiste Oideachais an Tionóil tráthnóna; ón taobh clé; Seosamh Ó Coinne, Cathaoirleach CnaG; Ciarán Catney, Oifigeach Sinsearach A Fair Start CnaG; An Dr Mel Engman, An Dr Aisling O’Boyle, An Dr Yecid Ortega agus an Dr Sultan Turkan, QUB; Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach CnaG agus an Dr Daniel Muijs, QUB.

Tá ionadaithe de chuid Chomhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) agus Ollscoil na Banríona le dul os comhair Choiste Oideachais an Tionóil tráthnóna (13ú Márta) le haird a dhíriú ar mhórcheisteanna earnáil na Gaelscolaíochta.

Don dara huair le deireanas sa Tionól, is i nGaeilge a bheidh mórchuid an chur i láthair, agus seirbhís úr ateangaireachta comhuainí in úsáid.

In éineacht le CnaG, beidh ionadaithe ón Ionad Um Thaighde ar Léann Teangacha, Ollscoil na Banríona, a d’fhoilsigh taighde suntasach ar na mallaibh, i ndiaidh do CnaG an taighde sin a chur á dhéanamh, taighde dar teideal Fair? Shared? Supported? Examining the Expectations and Realities for Irish-medium practitioners. 

Agus ganntanas leanúnach múinteoirí ann san earnáil lán-Ghaeilge, mar aon le ceisteanna a bhaineann le hearcaíocht agus coinneáil, dírítear sa tuarascáil taighde seo ar na hinniúlachtaí breise sin agus ar na dúshláin shuntasacha atá roimh chleachtóirí an Ghaeloideachais.

Déanfar plé fosta ar mhórdhúshláin eile earnáil na Gaelscolaíochta, lena n-áirítear soláthar múinteoirí; riachtanais speisialta oideachais; cúrsaí cóiríochta agus cuid mhór eile.

Dar le Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach CnaG, gur deis ar leith í seo tionchar a imirt ar pholaiteoirí áitiúla agus tacaíocht a lorg don earnáil:

‘Tá lúcháir orainn an deis seo a thapú le dul i bhfeidhm ar ár n-ionadaithe áitiúla, le plé a dhéanamh, ní hamháin ar easnaimh agus ar dhúshláin atá roimh an Ghaelscolaíocht faoi láthair, ach le haird a dhíriú chomh maith ar rathúlacht na hearnála, ar dhíograis agus ar thiomantas mhúinteoirí agus dhaltaí na hearnála agus ar na buntáistí éagsúla a bhaineann leis an tumoideachas agus leis an dátheangachas.’

Is féidir breathnú ar an tseisiún seo beo trí niassembly.tv, ag tosú ar 3.00 i.n.

Website designed by Visionworks Interactive