Folúntais le Comhairle na Gaelscolaíochta

Tá Comhairle na Gaelscolaíochta ag earcú!

Tá muid ar lorg:

 

Oifigeach Sinsearach Seirbhísí Corparáideacha (Buan):

Nasc Anseo: Pacáiste Iarratais – Gaeilge

Link Here: Application Booklet – English

 

Oifigeach Sinsearach Oideachais (Tréimhse Máithreachais):

Nasc Anseo: Pacáiste Iarratais

 

 

Preasráiteas: Toscaireacht Chomhairle na Gaelscolaíochta agus QUB os comhair Choiste Oideachais an Tionóil

Sa phictiúr: Baill an Ionad Um Thaighde ar Léann Teangacha ag Ollscoil na Banríona agus Comhairle na Gaelscolaíochta, a labhair ar na mallaibh ag Siompóisiam Taighde i gCnoc an Anfa, a bheidh os comhair Coiste Oideachais an Tionóil tráthnóna; ón taobh clé; Seosamh Ó Coinne, Cathaoirleach CnaG; Ciarán Catney, Oifigeach Sinsearach A Fair Start CnaG; An Dr Mel Engman, An Dr Aisling O’Boyle, An Dr Yecid Ortega agus an Dr Sultan Turkan, QUB; Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach CnaG agus an Dr Daniel Muijs, QUB.

Tá ionadaithe de chuid Chomhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) agus Ollscoil na Banríona le dul os comhair Choiste Oideachais an Tionóil tráthnóna (13ú Márta) le haird a dhíriú ar mhórcheisteanna earnáil na Gaelscolaíochta.

Don dara huair le deireanas sa Tionól, is i nGaeilge a bheidh mórchuid an chur i láthair, agus seirbhís úr ateangaireachta comhuainí in úsáid.

In éineacht le CnaG, beidh ionadaithe ón Ionad Um Thaighde ar Léann Teangacha, Ollscoil na Banríona, a d’fhoilsigh taighde suntasach ar na mallaibh, i ndiaidh do CnaG an taighde sin a chur á dhéanamh, taighde dar teideal Fair? Shared? Supported? Examining the Expectations and Realities for Irish-medium practitioners. 

Agus ganntanas leanúnach múinteoirí ann san earnáil lán-Ghaeilge, mar aon le ceisteanna a bhaineann le hearcaíocht agus coinneáil, dírítear sa tuarascáil taighde seo ar na hinniúlachtaí breise sin agus ar na dúshláin shuntasacha atá roimh chleachtóirí an Ghaeloideachais.

Déanfar plé fosta ar mhórdhúshláin eile earnáil na Gaelscolaíochta, lena n-áirítear soláthar múinteoirí; riachtanais speisialta oideachais; cúrsaí cóiríochta agus cuid mhór eile.

Dar le Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach CnaG, gur deis ar leith í seo tionchar a imirt ar pholaiteoirí áitiúla agus tacaíocht a lorg don earnáil:

‘Tá lúcháir orainn an deis seo a thapú le dul i bhfeidhm ar ár n-ionadaithe áitiúla, le plé a dhéanamh, ní hamháin ar easnaimh agus ar dhúshláin atá roimh an Ghaelscolaíocht faoi láthair, ach le haird a dhíriú chomh maith ar rathúlacht na hearnála, ar dhíograis agus ar thiomantas mhúinteoirí agus dhaltaí na hearnála agus ar na buntáistí éagsúla a bhaineann leis an tumoideachas agus leis an dátheangachas.’

Is féidir breathnú ar an tseisiún seo beo trí niassembly.tv, ag tosú ar 3.00 i.n.

Fáiltíonn CnaG roimh chuairt an Aire Oideachais ar Ghaelscoil Aodha Rua

Fáiltíonn Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) roimh chuairt an Aire Oideachais Paul Givan ar Ghaelscoil Aodha Rua, Dún Geanainn, inné (6 Márta) sa chéad chúpla seachtain dá ról nua.

Mar fhoras ionadaíoch don Ghaelscolaíocht, tá áthas ar CnaG gur thug an tAire cuairt ar Ghaelscoil Aodha Rua, soláthraí bríomhar agus méadaitheach d’oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán i lár Uladh. Le linn a chuairte, bhí deis ag an Aire buntáistí an tumoideachais agus an t-éiteas iomlánaíoch a luaitear leis an earnáil a fheiceáil go pearsanta.

Is údar misnigh ar leith do CnaG ráiteas an Aire go mbeidh sé féin agus a Roinn ina n-abhcóidí ar son gach páiste i ngach earnáil, an Ghaeilge san áireamh.

Agus í ag trácht ar an gcuairt, dúirt Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach CnaG, ‘Táimid ag súil le bheith ag obair go réamhghníomhach leis an Aire sna blianta amach romhainn chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na saincheisteanna suntasacha atá os comhair na hearnála, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, cóiríocht neamhleor, soláthar agus coinneáil múinteoirí agus tacaíocht atá oiriúnach ó thaobh na teanga de a chur ar fáil do dhaltaí OTG a bhfuil riachtanais bhreise acu.’

Tréaslaíonn CnaG le foireann, gobharnóirí agus daltaí Ghaelscoil Aodha Rua as an bhfáilte chroíúil a chur roimh an Aire agus as a chéad chuairt oifigiúil a thabhairt ar scoil lán-Ghaeilge, eispéireas taitneamhach, faisnéiseach agus cuimhneach.

Website designed by Visionworks Interactive