Naíscoil Reachtúil Úr fógartha do Bhunscoil an Traonaigh

Tá an t-aon scoil lán-Ghaeilge i bhFear Manach, Bunscoil an Traonaigh i Lios na Scéithe, ag ceiliúradh inniu tar éis don Aire Oideachais cinneadh a dhéanamh inné go mbunófaí naíscoil reachtúil 26 áit i Meán Fómhair 2024. 

Cuireann Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) fáilte mhór roimh an chinneadh chun an t-aonad nua naíscoile a bhunú sa Bhunscoil. 

Thug Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach CnaG ómós d’obair chrua, tiomantas agus dúthracht fhoireann agus ghobharnóirí Bhunscoil an Traonaigh as an chloch mhíle seo a bhaint amach. Thug Maria aitheantas freisin d’fhoireann Chomhairle na Gaelscolaíochta a thacaigh leis na gobharnóirí agus iad ag déanamh a n-iarratas chuig an Roinn Oideachais (RO) agus ghabh sí buíochas le hoifigigh RO as an méid a rinne siad. Ghabh Maria buíochas ar leith leis an Aire Oideachais, Paul Givan, as a thiomantas leanúnach don oideachas lán-Ghaeilge: 

‘Tá ríméad ar CnaG, agus ar earnáil na Gaelscolaíochta i gcoitinne, faoin scéala go mbainfidh Bunscoil an Traonaigh an-taitneamh as na buntáistí éagsúla a bhaineann le naíscoil reachtúil go luath. Cuirfidh an soláthar seo tuilleadh feabhais ar an oideachas lán-Ghaeilge i Lios na Scéithe agus cuideoidh sé le todhchaí an Ghaeloideachais i gContae Fhear Manach a chinntiú. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt agus buíochas a ghabháil leo siúd go léir a bhí páirteach san éacht iontach seo. Tréaslaím le dúthracht agus tiomantas na ngobharnóirí, na foirne agus na dtuismitheoirí i mBunscoil an Traonaigh. Tá mé buíoch d’fhoireann Chomhairle na Gaelscolaíochta agus d’oifigigh na Roinne Oideachais a thacaigh agus a d’éascaigh an t-iarratas seo tríd an bpróiseas Pleanála Ceantair. Ba mhaith liom, ach go háirithe, mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Oideachais, Paul Givan, as an gcinneadh seo a dhéanamh; an cinneadh is déanaí i sraith cinntí fabhracha a rinne sé ar na mallaibh  maidir le scoileanna lán-Ghaeilge. Tá an tAire Givan le moladh as a thiomantas leanúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta.’ 

Lean Maria ar aghaidh, ‘Is am spreagúil é seo do Bhunscoil an Traonaigh tar éis do Chaoimhe Ní Ghrianna a bheith ceaptha ina Príomhoide ar an scoil le déanaí. Rachaidh Caoimhe i mbun a poist freisin i Meán Fómhair 2024 agus guím gach rath uirthi ina ról nua. Tréaslaím féin agus mo chomhghleacaithe CnaG le Bunscoil an Traonaigh agus leis an mhórphobal lán-Ghaeilge i Lios na Scéithe as an chloch mhíle shuntasach seo agus táimid ag súil le bheith ag obair leis an bhfoireann agus leis na gobharnóirí chun leanúint ar aghaidh ag fás agus ag forbairt na scoile sna blianta amach romhainn.’ 

Foirgneamh Úr Scoile Fógartha do Ghaelscoil Uí Néill, Oileán an Ghuail

Sa phictiúr: Samhail fhoirgneamh úr Ghaelscoil Uí Néill

D’fhógair an Roinn Oideachais níos mó dea-scéala d’earnáil na Gaelscolaíochta an tseachtain seo nuair a fógraíodh go raibh tús le cur leis an obair ar fhoirgneamh nua scoile do Ghaelscoil Uí Néill in Oileán an Ghuail. Tar éis an scéala le déanaí go bhfuil cead tugtha do Scoil an Droichid i mBéal Feirste an tógáil nua a chur chun cinn, tá lúcháir ar Chomhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) go bhfuil conraitheoirí ceaptha ag Gaelscoil Uí Néill, a bunaíodh den chéad uair in 1995, chun tús a chur leis an obair ar a n-áitreabh nua.

 

Chuir Gearóid Ó Gealbháin, Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí Ghaelscoil Uí Néill, a lúcháir in iúl faoin bhfógra:

 

‘Tar éis blianta de phleanáil agus de chruinnithe gan áireamh, tá áthas ar Bhord Gobharnóirí Ghaelscoil Uí Néill a fhógairt go bhfuil treoir le tabhairt dár gconraitheoirí Connolly & Fee, tús a chur le tógáil ár nGaelscoil nua ar Pháirc Imeartha Ghort Gonaidh. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí leanúnacha oifigigh de chuid na Roinne Oideachais, an Údaráis Oideachais, CnaG agus Chomhairle Lár Uladh chomh maith le hionadaithe polaitiúla áitiúla a chabhraigh lenár n-aisling a thabhairt chun críche.’

 

Chuir Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach CnaG, fáilte roimh chinneadh na Roinne Oideachais tógáil nua na scoile a chur chun cinn:

 

‘Tá CnaG thar a bheith sásta go mbainfidh Gaelscoil Uí Néill amach faoi dheireadh, foirgneamh scoile úrscothach a fhreastalóidh ar phobail Oileán an Ghuail agus Chluain Eo ar feadh na nglúnta. Cuirfidh an foirgneamh nua ar chumas Ghaelscoil Uí Néill leanúint ar aghaidh ag cur oideachas den chéad scoth ar fáil trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht a chuirfidh go mór le heispéireas teagaisc agus foghlama na ndaltaí. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le pobal uile na scoile as an chloch mhíle shuntasach seo a bhaint amach agus aitheantas a thabhairt dá dtiomantas don tionscadal seo thar na blianta fada.

Agus an maoiniú a theastaíonn don tógáil nua seo á chur ar fáil, tá céim eile sa treo ceart á ghlacadh ag an Roinn Oideachais chun dul i ngleic leis na heasnaimh chóiríochta atá san earnáil Gaelscolaíochta le fada an lá chun torthaí foghlama a fheabhsú do dhaltaí Gaelscolaíochta.’

 

Tugann an tAire Oideachais an solas glas do Scoil úr an Droichid!

Cuireann Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) fáilte mhór roimh fhógra an Aire Oideachais ar maidin (28 Bealtaine 2024) leis an tógáil nua a chur chun cinn do chúig scoil déag, ina measc Scoil an Droichid, an t-aon soláthraí oideachais lán-Ghaeilge i dTuaisceart Bhéal Feirste.

 

Fógraíodh Scoil an Droichid, atá lonnaithe i Sráid Cooke, Bóthar Ormeau Íochtarach, den chéad uair mar chuid de liosta Tógála Mórchathrach an Roinn Oideachais in 2015.

Tá beagnach deich mbliana caite ón fhógra tosaigh sin agus tá lúcháir agus faoiseamh ar phobal na scoile an solas glas a fháil ón Aire ar maidin chun tús a chur leis an obair soláthair agus tógála.

Chuir Claire Donnelly Príomhoide Scoil an Droichid fáilte roimh chinneadh an Aire agus dúirt sí, “Tá líon na ndaltaí sa scoil agus sa naíscoil ag ardú bliain i ndiaidh bliana, agus tá áit, áiseanna agus spás úr de dhíth orthu ar fad. Ba mhaith linn anois go mbogadh an tionscadal ar aghaidh gan mhoill chun chonradh oibre a bhronnadh agus talamh a bhriseadh ar shuíomh úr na scoile”

Chuir Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta leis an méid a bhí le rá ag Claire, “Beidh pobal uile na scoile agus earnáil na Gaelscolaíochta i gcoitinne iontach sásta go deo leis an nuacht seo. Tá fáilte mhór roimh fhógra an Aire Givan ar maidin agus tabharfaidh sé misneach agus dóchas do dhaltaí, do thuismitheoirí, d’fhoireann agus do ghobharnóirí Scoil an Droichid. Beidh dhá rang ar leith san fhoirgneamh nua fosta le tacú le daltaí Gaelscolaíochta a bhfuil riachtanais bhreise foghlama acu. I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar an éileamh ar na sainranganna seo le blianta beaga anuas, tá an soláthar seo riachtanach dár n-earnáil mar nach bhfuil tacaíocht dá leithéid ann faoi láthair in earnáil na Gaelscolaíochta taobh amuigh d’Iarthar Bhéal Feirste.”

 

Ina ráiteas ar maidin, thagair an tAire do chláir infheistíochta ar scála níos lú a bheas ar fáil do scoileanna eile chun tacú le seachadadh an churaclaim amach anseo.

 

Arís eile, chuir Maria fáilte roimh an fhógra seo agus dúirt sí, “Ní rún ar bith é go bhfuil infheistíocht shuntasach ag teastáil chun cóiríocht agus bonneagar a fheabhsú ar fud earnáil na Gaelscolaíochta. Fáiltím roimh thiomantas an Aire tacú leis na scoileanna sin nach bhfuil ar an liosta inniu agus tá mé ag dúil le tuilleadh sonraí a chloisteáil sna seachtainí amach romhainn maidir leis na cláir eile seo. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfar gach deis do ghaelscoileanna rochtain a fháil ar aon tacaíocht atá ar fáil ón Roinn Oideachais leis an churaclam a sheachadadh go héifeachtach chun torthaí a fheabhsú do dhaltaí na hearnála.”

 

Léigh ráiteas iomlán an Aire ag an nasc seo https://www.education-ni.gov.uk/news/givan-announces-fifteen-school-building-projects-progress-construction

Website designed by Visionworks Interactive